Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí alán saghas báire aca fadó. Seo cuid aca; do bhíodh síad ag caitheamh léím. Bhí fear ann dár'b ainm Cathasac agus bhí sé ag filleadh abhaile tar éis gainnimhe a bhreith suas an ghleann garbh. Ta geata mór ann agus do bhain sé a bróga dhe agus do rith agus do léim sé an geata, tá sé tuirim sé troighthe ar aoirde agus spící amach as, agus an rud a itheadh sé ná práaí agus íasg leasuithe. Bhí tig aige cois na tráha agus do bhíódh sé ag íascaireact. Do bíodh siad ag caitheamh léím leis. Clucihe eile a bhí aca ná ag rith ráiseanna. Tá dhá cnoc ád ins na Ródaibh agus gan act comarrcán eatortha. Bhí rá ag beirt fhear fadó, Líam óg agus Carroll, Brutanac (Liam bacach brutan nó Burton) dob' eadh Liam agus sé mo shin shin shean athair. Ceolteó dob' eadh Carroll, bhí amhrántaí breághtha aige, Cabhthudhaig dárb ainm do. Ós na failltreacha do thosnuigheadar. Domhnach breágh agus gasradh ag féachaint orhta. Bí fhaid an cúrsa ná ós na failltreacha go barra an chnuic, Carroll a rith go barr stúaich ar an cnoc shoir agus Líam go Clocán Liath ar an cnoc shíar. Do buaidh Líam ar Carroll agus bhí sé ibhfad níos aosta. Bhí cluiche eile aca i bpáírc atá im thalamh-se ar a dtugtar bánsagh na Gadhte, bhí gadhte aca, sin fleagaí beaga leibhéaltha cómh beag le pláta agus bhíodar ag caitheamh íad súd ó líne go marc eile. Nó eile a bhí aca ná ag beirbhiú uibhe i sáspan ar teine a dheinidís ar an gcnoc Domhnac Cága go moch ar maidin, ithidís dosaen geall leis.
    "Mol an óíge agus tiocfhaidh sí"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí