Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1)
    Tobairín fíor-uisge as gior bharr an t-sléibhe.
    Fuinneóigín gloine, agus doraisín cré air?
    Freagra:- Súil.
    2)
    Is chruinne é ná do cheann, is fiude é ná na mílte.
    Freagra:- Cartlín snáite.
    3)
    Cím 'na shuidhe 'na sheasamh, chímh ar bhláth an aitinn.
    Ceó na drucht ní leaghfann sé, as ní stadann sí de shíor? Freagra:- An Gealach.
    4)
    Lúibín ó Luibh. Giolláin ó ghill, fear ag scéil gan féith, gan fhuile é? Freagra:- leitir.
    5)
    Caith mé suas é, cómh bán le h-eala, agus tháinigh sé anuas chómh bhuidhe le h-ór? Freagra:- Ubh.
    6)
    Cé'n chuid is aoirde de'n bhó? Freagra:- A géim.
    7)
    Uisge guirt gan salann gan sáile?
    Freagra:- Deóracha do súl.
    8)
    Ritheas agus fhuaireas. Cuardhuigheas agus ní bhfuaireas. Dá bfághann é, ní thabhrann liom é. Ní fhuaireas agus thugas liom é? Freagra:- Dealg.
    9)
    Címse é, agus ní fheichir-se é, agus is goire duit-se ná dhómh-se? Freagra:- Cúl do chínn.
    10)
    Tá sé shoir is tá sé shiar is tá sé i ngháirdín sa Blá Chliath. Is mó a grim ná greim chapall, is ní itheann sí aon bhíadh? Freagra:- Speal.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Cobhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí