Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Tagann an ghrian in-diaidh na fearainné agus:- "Ní stopfaidh an fhearainn go gcuirfidh an ghrian a ceann an-áirde."
Nuair a bhíonn feartainn ag teacht is mó comharthaí a bhíonn ann roimh ré:-
Thagann dath dubh ar an spéir go léir, agus nuair a bhíonn dath liath-bhan ar an ngréín agus í ag dul fé is comhartha bhaistighe é, agus nuair a bhíonn an gealach leath báidhthe, agus fáinne dubh mór-thímcheall uirthí, is comhartha báistighe é leis. Nuair a bhíonn alán scamall dubh ins an spéir, agus nuair a bíonn an cat in-aice na teineadh is comhirtí báistaighe iad. Nuair a bhíonn an gaoth ag séidead anoir nó anoir dheas bhíonn stoirm mór ag teacht. An gaoth andeas nó aniar is mór a bheireann báístech léíthe. Bíonn aimear fuar, fliuch, gaothmhar, agus garbh ag teacht nuair a thagann na faoileáin ón bhfairrge isteach. Nuair a bhíonn sioc nó sneachta ag teacht bhíonn alan siochain ag eitilt go h-íseal. Nuair a bhíonn na h-ainmhidhthe ag rith go dtí na tighthe nóg o dtí na cleachacha bíonn cioth mór ag teacht. Nuair a bhíonn na sléíbhte ana comhgarach duith dar leath is comhartha báistighe é. Nuair a bhíonn an abha ag déanamh glór mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí