Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)

Suíomh:
Seanchaiseal, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seana-Caiseal
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh na tighthe fadó ana bheag. Bhíodh siad deanta de cré agus cloca. Tuighe agus fraoch a bhíodh mar ceann ar na tighthe sin. Faighthí an fraoch ar an gcnoc agus an tuighe ar an sliabh. Bhíodh leabaidh sa cistin ins na tighthe fadó. Ar lic an teinteáin a bhíodh an leabaidh sin. An chlann go leir a codluigheadh innte sin. Bhíodh an teinteán i gcoinnibh an phiniúra. Ní bhíodh seimné istig ins na tighthe fadó ach poll sa tuighe chun an deatacy a leigint amach. Aon doras amhain a bhíodh ins na tigthibh sin. Ar thaobh an tighe a bhíodh na dóirse. Bhíodh lúbh acú mar Chomhla cun an doras a dhúnadh. Dhá fhuinneóg a bhíodh ins na tigtibh. Sarar cuireadh gloine ionnta bhíodh clár ionnta. Cré agus cloca a bhíodh ar an úrlár. Bhíodh leath-dhoras i ngach tigh fadó. Bhíodh móin agus giúmhais ag na daoine cun teine. Beireadh scuilb agus giúmhais agus coinnle solais dóibh. Deintí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Ní Sheaghdha
    Inscne
    Baineann