Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)

Suíomh:
Seanchaiseal, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seana-Caiseal
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Bóithre an Cheantair”
  4. XML “Casáin an Aifrinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gaoithe. Ní raibh ann ach casáin fadó. Nuair a bíodh na daoine ó Neidín ag dul go Corcaigh fadó thagaidís thar Belach Béim agus trí Gleanncárthaig agus thagadh na daoine ó Cathair Saidhbhín thar Belach Óisín. Sean bóthair eile iseadh Cumair na Banríoghan. Tá sé ag dul thar cnoc leis. Deineadh é timcheall cead bliain is fiche ó shin. Deir na seana daoine nuair tháinig clanna Míleadh i dtír i Neidín fadó gur thánadar thar Bealach Béim agus trí Gleanncárthaigh agus d'imthigheadar amach Cumar na Bannríoghan ar a shlighe go Gleann Scoithín. Bhí cath fuilteach acu annsan agus marbhuigheadh a mbanríoghan Scóta. Deirtear gurb ó Óisín a tugtar an ainm Bealach Óisín ar an mbóthar sin agus tá baile in Gleanncárthaig ar a d'tugtar Doir na Féinne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.