Scoil: An Chathair (uimhir rolla 5119)
- Suíomh:
- An Chathair Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Tuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Chathair
- XML Leathanach 576
- XML “Insín na nÁr”
- XML “Ard Tuille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile in a ndiaid agus throideadar cath ins an bpairc san agus marbhuigheadh gach fear díobh acht é féin. Annsan do chúm sé an bhéirse seo,Triúr is cúigear ó'n Scairt,
Fear is seachtmhar ó'n mbórd Eóighinín,
Do throideadar cath, i gcóir an creach,
In Innsín Ghaorthaigh, ar bhruach an Ruachtaigh a's an t-SínDo thug sé an creach dí annsan agus do fúair sé bás. 'Sé Innsín na n-Ár na n-Ár an ainm atá ar an áit ó shoin i leith. - Tá baile fearthainn i gCill Garbháin ar an dtaobh thiar de agus Árd Tuille a tugtar air. Níl ann anois acht sean-fhothrach mar do dhóigh na h-Óglaig na h-Éireann é i mbliadhain míle naoi gcéad is a fiche nuair a bhí na Dubh Crónaigh in Éirinn.Timcheall dhá céad bliadhan ó shoin bhí chlann in a gcómnuidhe ann agus Orpan do b'ainm dóibh. Tighearnaí Talmhan do b'eadh iad. Bhí bean agus a mach ag obair leó, agus baintreabhach do b'eadh an bhean. Uair amháin bhí ál bainbhaí ag na h-Orpan, agus lá amháin chuaidh síad isteach sa choill agus um tráthnóna thánadar go léir abhaile acht ceann amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máiréad Bhean Uí Tuathig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Leasa, Co. Chiarraí