Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 468
- XML “Shell? Bhainicín Róin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Shell? Bhainicín Róin. 1)
[Os cionn "Shell", agus an e folínithe: (Saíll? T. Ó M)]
[fonóta 1): "Bail bhainne cích róin - órdlach saille" - sean fhocal. T.Ó.M.]Bhí buachaill aimsire agus cailín aimsire idtig fado. Do thárla leanbh eatortha Níor mhaith leo é chur chun báis agus n'fheadar siad cad a b'fhearra dhóibh a dhéanamh leis. D'fhanadar sa bhaile Dia Domhnaig, ón Aifreann agus chuimnig an fear ar chleas.
Thóg sé an leanbh leis síos go dtí an tráig. Níor mhaith leis é bháthadh. Sé a dhein sé ná an leanbh bocht a chur ináirde ar fhaill. Bhí rón mór fen bhfaill agus nuair abhí an fear imthighthe, léim sí aníos agus thóg sí léi an leanbh. Bhuail an fear isteach abhaile agus dubhairt go raibh an gnó déanta aige go maith.
Ní raibh aon trácht ar an leanbh go ceann seacht mbliadhan. Indeire an ama san do thárla fear ar bhruach na trágha ná raibh aon leanbh aige féin. Chonnaic sé an garsún óg so agus gan aon éadach air ach feamanach ag fás tríd amach. Rug sé air agus thug sé leis abhaile é. D'innis sé an sgeál dhá bhean agus shocruigheadar ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí