Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 466
- XML “Mister Crowley”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé belt láidir leathair. Chuaidh an bheirt ináirde ar an gcapall. Cheangail sé an belt a trí nó a ceathair d'uairibh timcheall ar féin agus ar an óig-bhean agus seo ar siubhal é.
Níor bhfada go raibh na daoine maith ag teacht sa t-slighe air agus á chosg air dhul chun cinn. Bhí an comán iláimh amháin aige agus claidheamh a dhein sé sa cheárdchain sa láimh eile. Bhí an láir a leagadh roimpí, agus bhí sé féin a leagadh ar gach taoibh leis an gcamán agus an claidheamh. Thug sé dhá uair a chluig deog ar an mbóthar agus sa deire bhain sé amach an tig. Do ghlaoidh sé cabhair chuige chun an óig-bhean a sgaoileadh de's na beilteanna mar bhí sé féin tnáidhte. Thairgeadar an óig-bhean isteach agus ní raibh aon trácht ar Mhr Crowley aca. Sa deire do labhair an óig-bhean -
"Táim-se ceart go leor" ar sí "ach buailidh amach agus tabhair isteach an fear amuigh Tá sé tnáidhte go maith agus is mithid dó san".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí