Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá capall, dhá asal, ocht mba agus sé gamhna againn.
    Ainmneacha na mbó -
    Dearg, Bánaí, Cúibí, Breací, Donní, Maol, Kerry agus Petty.
    Nuair a bhíonn na daoine ag tiomáint na mbó deireann siad "habha ! habha".
    Tugtar cró na mbó ar an dtig a bhíonn acu.
    Cuirtear túighe agus aiteann mar easar fé's na buaibh annso.
    Ceangluightear na ba tímcheall na n-adharc le teid bhig a bhíonn ceangailte le píosa adhmaid a bhíonn buailte go daingin 'san bhalla.
    Uaireannta cuirtear buairchín ar chosa deiridh na bó má bhíonn sí ana chrosta nuair a bhítear a crúdhadh.
    Má bhíonn bó ag léimridh thar claidheacha cuirtear crobh-naisc uithi.
    Tugtar crobh-naisc ar an dtéid a cheanglann an adharc agus an chos le cheile.
    Tugtar laincis ar an dtéid a cheanglann cos tosaig le cos deiridh.
    Ceangluightear gamhain leis an gcois go dtí go mbíonn sé mí d'aois agus 'na dhiaidh sin is timcheall a mhuinéil a deintear é a cheangal.
    Uaireannta cantar amhrán ag crúdhadh na bó chun í do mhealladh a cuid bainne a thabhairt uaithe go bog.
    Is minic a cuirtear a laogh óg in-aice na bó agus í a crúdhadh nuair ná bhíonn fonn uirthi an bainne a thabhairt.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Luighseach Ní Chonmhaighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Dumhcha, Co. Chiarraí