Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”
  4. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uaithe go bog.
    Glaodhtar na h-ainmidhethe chun bídh mar leanas:-
    Na cearca:- tiuc, tiuc.
    Na geana:- biadh, biadh.
    Na sicíní:- chick, chick.
    Na lacha:- finn, finn.
    Na mucha:- bhat, bhat.
    Na gamhna:- suc, suc.
    Na gabhair:- meig, meig.
    Nuair a bhíonn cearc ghuir ag mo mháthair deineann sí nead deas i mbosca di le féir.
    Cuireann sí dosaon ubh 'san nid agus cuireann sí an cearc 'na luighe ortha.
    Cuireann sí marc ibhfuirm croise ar na h-uibheachaibh guir le chipín dóightte mar ádh.
    Tugtar glugar ar ubh ná bíonn sicín ann.
    "Cearca go tuigh agus coilig go fánach" Tá sean nós ag na daoine cearca a chur ar gor agus agus an taoide ag teacht mar ceapann siad go mbeidh níos mó cearca ná coilig san ál.
    Deirtear má thagann sicíni nú turcaí amach Aoine an Céasa ná beadh aon t-ádh ortha.
    Luighseach Ní Chonmhaighe,
    Dúcha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá trí ba, dhá ghamhain agus aon chapall amháin i bhfeirm mo shean-mháithair.
    Ainmneacha na mbó:-
    Beauty, Blackeen agus Dearg.
    Bríghid Ní Shúileabháin,
    Cromán Uachtar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí