Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 154
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí mórán óir agus rudaí eile i bhfollach fé'n dtalamh i gCiarraighe agus i gConntaithe eile in Eirinn cómh-maith.
Is minic a chuala mo sean-mháthair ag cur síos mar gheall ortha.
Sa t-sean aimsear bhí cailín ó'n áit seo ag obair i dtig feormeóra i gCiarraighe Thuaidh.
Tráthnóna breágh nuair a bhí obair an lae críochnuighthe aici, cuaidh sí féin agus inghean an fheirmeór amach ag imirt le 'na Chéile.
Bhí sean-thig gé leath-míle ón dtig agus chuaidh an cailín aimsire isteach ann ag dul i bhfollach ó'n gcailín eile.
Bhí sí cosnochtaithe agus nuair a chuaidh sí isteach sa chúinne do bhrath sí an glór fé na chosa.
Bhí ionghad mór uirthe agus do glaoidh sí ar inghean an fheirmeóra agus dubhairt sí leí gur bhuail sí a cos anuas ar rud éigin a bhí fé'n dtalamh.
D'inis an beirt an sgeul d'fhear an tíghe.
Chuarduig sé an áit sin agus cad a bhuail leis, ná feircín lán d'ór.
Bhí áthas mór ar an bhfear agus thug sé cuid maith de'n ór do'n cailín.
Bhíodar an-saidhbhir as san amach.Eibhlín Ní Chonchobhair
Glaise
Cromán- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí