Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 222
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Mhóinfhéar:-
'Sé an chúis go dtugtar an t-ainm sin uirthi ná féar a bheith ag fás innti i gcómhnuidhe.
An Portach:-
Tugtar an t-ainm sin uirthi mar tá móin le fághail innti.
Pairc an tíghe:-
Glaodhtar an t-ainm sin uirthi mar tá sí in-aice an tíghe.
An Cnochán:-
Tá cnochán Ard 'san bpáirc so.
Siobhán Ní Théacháin,
Cromán Iochtar. - Tá paiste beag talman ag m'athair i Lónart tímcheall cúig míle ó Cill-Orglan an baile margaidh is giorra dúinn.
Tugtar Triuch an Aicme ar an mbarúntacht.
Deireann na daoine go dtugadh an t-ainm sin ar an áit mar gur troideadh cath ann fadó.
Ainmneacha na bpairceanna:-
An Pháirc Mhór:-
Tugtar an t-ainm sin air mar tá sí níos mó ná na páirceanna eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Longfort, Co. Chiarraí