School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 006
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áit-Ainmneacha.
Ainm áite iseadh Lios na Gaoithe.
Tá sé suidhte cearthramha míle ó Scoil Cromán agus geallle sé míle ó Cill-Orglan.
Páirc cruinn iseadh é.
Tá claoidhemórthímceall uirthi agus fásann sceacha aitinn agus sceacha geala ar na claidheacha.
Tá cloch mhór árd na seasamh i lár an leasa.
Tá sé geall le sé troigh ar aoirde.
Is é seo an fá go nglaodhtar Lios na Gaoithear an áit.
Deirtear fadó go raibh bean 'na cómhnuighe cois na leasa agus bhí mac aice.
Lá amháin buaileadh bróidhte é agus bhí sé ag gol chun bainne d'fagháil agusní raibh aon slíghe ag a mháthair é d'fagháil dó.
Aon oidhchechuaidh sí amach agus buicéad aice.
Connaich sí bó mhór bhán sa pháirc, cruaid sí an bó agus do líon sí an buiceád.
Tháinig sí isteach agus thug sí le n-ól d'on garsún agus tháinig sé cuige féin dar ndóigh.
Do lean é sin ar feadh tamaill ach ní ró fhada.
Do chómnuigh bean sainnteach san áit agus cualadh sí an obair a bhí ar siubhal agus tháinig fearg uirthi.
Dubhairt sí leis an manoí go bfaghadh sí rud na líonfadh an bhó.
Fuair sí criathar agus thosnuig ag crúdh na mbó.
Bhí an bainne go leir ag tuitim ar an dtalamh.
Le linn sin tháinig gála mór gaoithe agus do sciob sé an bhó isteach san lios agus ní fheaca ó shoin í.Séamus Ó Ealuighthe,
An Lios, V Rang
A fuaradh ó
Dhómhnall Ó Ealuighthe, 67 bhlian,
ó An Lios, Cromán.- Collector
- Séamus Ó Ealuighthe
- Gender
- Male
- Address
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Informant
- Domhnall Ó Ealuighthe
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí