Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- Cromane, Co. Kerry
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 003
- XML “Mar seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán do cumhadh mar gheall ar beirt do bhí ag bádóireacht lá agus iad amuigh san bhfairrge ag bailiúghadh múr i gcóir na prátaí D’eirigh stoirm mhór agus do cumhadh cúpla bhéarsa mar gheall ortha.
Mar seo. Tráthnóna Dé h-Aoine seadh d’imthig an bád. Le sruth is le buile ó'n dá amadhán. Tháinig gála mór gaoithe is do scúbh í chun fáin. Is le féithe-saighdhiúr do dhéin sí landáil.
(II).
“Cuaidh Líam go dtí an phointe é féin agus Seán. Cuairdeadar síos agus mór timcheall Cromáin. Tig “Cuddy” do bhí an “meeting” mar gheall ar an mbád. Go raibh na gairí gan léasadh agus iad creachta go bráthadh.
(III).
Cuireadh an córtha ag deanamh go Dómhnall Bréanáoin. Chun bheith dul na coinne go much san lá, Chuaidh “Kit” soir an Glaise fé scáthaibh an lá. Ag bualadh dá bhaiss ag coímhne dreitheár. Chuadar go dtí na Péelers ag déanamh an gearán. Ach céad moladh le Íosa go dtáinig sé slán.
(IV).
Nuair a tháninig sé abhaile bhí cur síos ar an mbád.
Nár d’imithig aon nidhe uirthe ach rud gan árd.
D’imthig i mball deirig agus planc dá clíathán.
Tá sí ag seana mná cleasa a dóghadh fé’n gcorcán.
(V).(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Rathaille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Rathaille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Cromane Upper, Co. Kerry