Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lotharagán a tugtar ar an leipreachán im' cheanntar. Fear ana-bheag iseadh é de réir seanchais. Tá sé tímcheall troigh ar. Bíonn bríste ghlún air, casóg uaithn, hata fada dearg, agus féasóg fhada liath. Deireann daoine gur fé charraig mhóir ar taobh an chnuic a bhíonn chómhnuidhe air. Uaireannta is istigh i lios a bhíonn chómhnuidhe air, agus o rith an t-Samhraidh bíonn sé 'na shuidhe fé fás-na h-aon oidhche ag obair.
'Sé an obair a bhíonn ar siubhal aige de ghnáth ná ag deisiúghadh bróg na sídheóg. Bíonn crúiscín poitín i n-aice leis. Uaireannta bíonn sé ag rinnce leis na sídheóga eile.
Bíonn crúsca óir ag an leipreachán. Deirtear dá raghadh duine go dtí an áit 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dubháth, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Griobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dubháth, Co. Chiarraí