Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)

Suíomh:
Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
S. Ó Téacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “An Mhurúch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Murdhuach a thugann muintear na h-áite uirthe. Leath-iasc agus leath-bhean iseadh í. Níl fhios agam an dtagann sí aníos ar na caraigeacha istoidhche agus nír fhéadas a dhéanamh amach cad a bhíonn ar siubhal aice.
    Bíonn brat uirthe. Bhí fear in-a chomhnuidhe ins na Macairí uair amháin, agus chuaidh sé go dtí an tráigh. Chonnaic sé Murdhuach 'n-a shuide ar carraig agus dhruid sé suas fé 'na déin agus do rug sé ar a brat. Thug sé an brat abhaile leis agus chuaidh an Murdhuach 'na dhiaidh. Chuir se an brat i bhfolach agus bhí uirthe é do phósadh.
    Bhí ceathrar de chlainn aca. Lá amháin bhí an fear ag cuardach i gcóir rud éigin agus fuair sé an brat. Do shnaip an Murdhuach an brat as a láimh agus do chíor sí gruaid na clainne, agus do nigh sí a n-aghaidhthe agus annsan, d'imthigh sí léi. Bhí an fear ana-bhrónach i n-a diaidh. Tá a sinnsear ins na Macairí fós agus tá lapa ar a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. murúcha (~305)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Locha Thuaidh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Cathaláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Locha Thuaidh, Co. Chiarraí