Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)

Suíomh:
Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
S. Ó Téacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 023
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuirimíd prátaí ar an bhferm sa bhaile gach blian. M'áthair ullmhuigheann an talamh n-'a gcóir. Cuirtear aoileach nó feamnach mar leasú ar an talamh roimh ré. Is i n-iomairí a cuirtear síol na bprátaí. Le céachta a chuirtear síol na bprátaí. Do h-usáideadh ceachta adhmhad im ceanntar. Deineadh na rámhainní sa cheanntar.
    Sara a gearrtar an t-síol prataí bíonn siad istigh i dtigh. Is í mo mháthair de gnáth a gearrann iad. Is le rámhainn a sadhtar iad, bíonn duine i ndiaidh an duine a bhíonn 'á sádad agus dúnann sé na puill le ramhainn. Cabhruigheann na cómharsain le céile ag cur na bprátaí.
    Cuirtear prátaí go léir i gcart sa pháirc agus cuirtear tuighe ortha. Cuirtear cré ortha annsan. Poll a tugtar ar sin.
    Na daoine a bhíonn drilleanna aca, deantear na claiseacha a dhúnadh le céachta. Bíonn na drilleanna ró-árd agus deintear iad do leaghadh agus do leibhéaladh le píosadh adhmgáid. Deintear cré
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síle Ní Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Mhic Gabhann
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Cam, Co. Chiarraí