Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)

Suíomh:
Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
S. Ó Téacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall le dachad blian ó shoin ní raibh aon rud mar slinn nó adhmad ar na tighthe. Bhíodh fraoch anuas ar na sgráthanna agus bhíodh téadaí déanta de féar ceanghailte le clochaí ag coimheád an tuighe síos. Aon fhuinnéog ana - bheag a bhíodh acha agus bhíodh sgata mór tighthe seangailte le chéile. Aon tséomra agus an cistin a bhíodh acha.
    Bhíodh leabhaidh sa cúinne sa chistin ar a tugtaí settlebed agus is iad na daoine chodluigheadh innte ná na daoine is sine de'n chlainn, nó uaireannta eile, an buachaill aimsire. Ní bhíodh aon tseimné acha ach clamhra déanta de adhmad agus é fighte le cipíní.
    Bhí fear am' ceanntar darbh ainm do Peadar Uá Catháin, agus san tigh a bhí aige, bhí an teine i lár an úrlár agus bhí poll ar an díon agus buichéad ar a bhárr chun an déatach do leigint amach. Bhíodh píosa mór adhmaid saidhte isteach ins an bhfalla chun solus a solathair. Uaireannta eile bhíodh lampa beag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Muiris Uá Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Coill Bhaile Uí Fhlaithimh, Co. Chiarraí