Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)

Suíomh:
Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
S. Ó Téacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Inid an t-am is mó a phósann daoine san áit seo. Dar le daoine is mí ráthmhar pósadh Dé Luain nó Dé h-Aoine, i mí Bealtaine nó i mí Meadhon Fhóghmhair.
    Deirtí fadó go dtéígheadh na sean-daoine nár pósadh insan Inid, go dtí Carraig Scealg. Théightí mór-thimcheall le téad agus thugtí le chéile na daoine nár phósadh insan Inid agus chuirtí go Carraig Scealgh iad. Tar-éis pósta, nuair a bhíodh an lánamha ag fágaint an t-séipéil, chaitheadh na daoine, sean-bhróg na ndiaigh. Annsan théíghidís go tigh tábhairne in áit chómhnuidhte an cailín agus annsan go tigh tábháirne in áit chómhnuidhte an fhir. Gach Inid sgriobann cúpla duine, amhrán, ag magadh fé's na daoine nár pósadh insan Inid. "Skelligs List " a tugtar air. Tá sé mar nós ag na daoine, cístí mílse a dhéanamh, oidhche Mairt na h-Inide.
    Deintear cleamhnaistí im cheanntair. Airgead is ghnáthaighe a tugtar mar spré. Uaireanta tugtar stoc nó píosa talmhan mar spré. Ní cuimhin leis na daoine pósaidhthe a bheith ar siubhal ins na tighthe.
    Sa t-sean-aimsear théigheadh cáirde na mná go tigh an bhuachalla agus buidéal biotáille aca nó dhá cheann b'fhéidir. Annsan deireadh siad gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Labhrás Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Aodhgáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí