Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gcoisteóir do dhriotháir críona, agus leis an buitléara an tarna driotháir.
    Do thug an bhainriogan an fáinne seo dhom. Tá a h-ainm ’sa sloinne air, ‘s t’ainmse leis; agus do thug sí dhom an colúr ‘s an gadhar chun iad a thabhairt chughat”. Do chuir sé an fáinne ar a mhéir agus d’imig sé an bóthar abhaile.
    Nuair tháinig sé go dtí an áit ’na raibh a athair ‘na chomhnuidhe, do chuaidh sé isteach i dtig figheadóra. Do dhéin sé trí clocha móra don chapall, don cholúr agus don ghadhar.
    Ní raibh éinne sa tig ach an fíghdeóir féin agus a bhean. Níor innis sé dhóib cé’rb é féin.
    Do chuaidh an figheadóir go dtí an Pálás lá ar foláireamh an Ríog. D’órduig an Ríog dho capall do sholáthar amáireach, mar go rabhadar go léir ag dul a’marbhú Péiste na Locha Deirge. Do rith sé abhaile go dubhach agus go brónach. “Cad tá ort anois” adábhaige Ubhall. “Dúbhairt an Ríog liom” arsa an figheadóir. “go gcaithfinn capall do bheith agam amáireach chun Péiste na Locha Deirge (luirrge?) a mharbhú”. “Ní raibh capall riamh agamsa ná ag éinne a bhaineas liom”. “Ná bhí ag gol”, arsa Úbhall. “B’é go bhfaighmís capall in áit éicint”.
    Do chuaidh Ubhall amach agus do bhuail sé an chloch, agus d’éirig an capall. Lá arna mháireach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dheada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    P. O' Mórdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí