Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá leigheas i "bhFíor Uisce" dá dtógtaí as an tobar é díreach le h-eirighe gréine.

Bhí fear ar an "dTír" fadó, agus d'oibrigheadh sé go dian ar an bhfeirm a bhí aige, go dtí go dtagadh an Ré Nuadh i gcomhnuidhe.

D'fhágadh sé annsan í chómh luat is thagadh an Ré, agus ní chídhtí arís é, go dtí go mbíodh an "Ré Nuadh" imighthe. Nuair a chuirtí ceist ar muinntir an bhaile na thaobh - cá raibh sé imighthe - deiridí - "Go raibh se imighthe le Gealaidh."

Deirtear dá n-íosadh duine "Súil Muice" go gcídhfeadh sé an "Ghaoth". Cidheann na muca í i bhfuirm - liathróide deirge.

(gan teideal)

An náire is mó fuair "fionn" riamh do bheadh - "An ghreim deireannach 'na bhéal 's gan faic aige na dhóid".

An náire is mó fuair "Fionn" riamh do bheadh - "An ghreim deireannach 'na bhéal 's gan faic aige na dhóid."

Faisnéiseoir
S. Ó Ríoghbhardáin
Inscne
fireann
Aois
73
Teanga
Gaeilge

Leigheas de "Tinneas Fiacaill" iseadh Ceann Grainneóige do bheadh beirbhighthe, agus é fuaighte ad chuid éadaig in ait éicint agat.