Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean scéal "Ubhall Ríogh Gréag"
    Do bhí Ríg ar an nGréig fadó. Bhí triúr mac aige, agus móran fear 'na sheirbhís, agus go dtí so ní dheaghaidh sé riamh ag féuchaint ortha ag obair. Lá amháin dúbhairt sé leis féin go n-eireóchadh sé agus go raghadh sé amach chun iad d'fheiscint. Chómh maith do dhein. Bhí an lá go breagh brothallach, agus nuair bhí sé ag teacht abhaile do shuig sé síos ar charraig mhóir mar bhí tuirse air ó'n dteas. Ní fada bhí sé 'na shuidhe ar an gcarraig nuair a thug sé fé ndeara scamall mór dubh ag bun na spéire agus é a deanamh air anoir ndeas, agus níor stad an scamall go dtáinig sé ó's a chómhair amach, agus do buailead isteach ins na fiacla é le pléasc a bhain trí cinn de's na fiacla amach as tosach a bhéil; agus d'imigh an scamall an bóthar céadna thar nais gan aon fhocal do labhairt.
    Do tháinig bochtanacht 's náire ar an Ríg an luath is bhraith sé a fhiacla imighthe. Do chuaidh sé abhaile 's luig sé ar a leabáidh, 's ní raibh a fhios ag éinne cad a bhí air. Dúbhairt na mic, an bhéirt chríona, te na chéile go gcaithfidís
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dheada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    P. O' Mórdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí