Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 108
- XML “Fear na Gealaí”
- XML “Na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear na Gealaighe
An fearsan a chídhtear anáirde ar an nGealaig is amhlaidh a ghuidh sé lor mór droighin as bhéarnain le na chómharsain lá Domhnach, agus do cuireadh anáirde annsan é mar shamhpla do ghaduighthe an t-saoghail, agus beidh sé ann go Lá na Breithe.
Máirtín Ó Loingsigh, 66 bl. a chomhnuigheann ar Thaobh a Cnuic-Breanndan fos.- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Cnoc Bréanainn, Co. Chiarraí
- Na Daoine Maithe
Bhí fear i “Lios Caolbhuidhe” fadó gur b’ainm do Domhnall ó Seaghdha. Bhí a leanbhaí go léir a’ fagháil bháis - slán mar a n-innstear é. Diaidh ar ndiaidh, sa t-slighe ná raibh aige, ar deire thiar ach éinne amháin. Agus bhí sé sin leis go leiche, mí-lítheach, meadalluighthe go leor. Lá amháin chuaidh Domhnall a’ d’iarraidh na ba chun a gcrúidte. Bhí liosachán ar an ngarraidhe, agus nuair a bhí sé a’ dul thairis, chualaidh sé an chainnt istig. “Conus a mhairfidh ar bhiadh bunóice i dtig Dhomhnaill Uí Seaghdha”.
Nuair a tháinig Dómhnall abhaile leis na ba, bhí a bhean ‘na seasamh ag an ndorus roimis(leanann ar an chéad leathanach eile)