Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 067
- XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tháinig fear isteach.
Shuidh sé arís ar an gcathaoir cois na teine agus ar deire thuit a choladh air.
D'imig an fear go dtí an seomra mar a raibh an bainríoghan óg. "A bhainrioghan óg" ar seisean, "tá an méirleach-san ó'n nGréig 'na choladh". "Slán beo an scéalaide!" adúbhairt sí. D'eirig sí 'na suidhe agus rug sí ar dhá chois air, agus dhein sé a cheann a smiotadh ar an bhfalla agus mhairbh sí é.
Annsan do chuaidh sí a'triall ar Ubhall agus dhúirig sí é. "Téir a choladh anois", ar seise, "agus ní baoghal duit éinne anocht arís". Do thresbháin sí an fear marbh do. "Tháinig sé sin", ar sise, "chan mise do bhreith leis, agus dá n-eireóchadh leis, ní fheicfá-sa arís go deo mé".
D'eirigheadar ar maidin agus do thógadar leo an capall agus an Slaicín Draoidheachta agus chuir sé trí fiacla a athar 'na phóca. Do thangadar go dtí Gleann Dubh na Méighleach. Do bhí a bheirt driothár annsan ar an dtaobh thiar de'n Ghleann ag fanacht leis. Do scaoil sé anonn sa bhád an bainríoghan. Chómh luath is fuair na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dheada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- P. O' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí