Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 066
- XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Beidh siadsan agam agus do cheann-sa leis", arsa Ubhall. Tóg sé a chlaidheamh ó's a chionn anáirde agus thairrig ar an bhFathach Mór, agus do sta[?] sé an ceann de de'n iarrachtsan. Chuaidh sé annsan a' triall ar an mBanríoghain óig, agus thug sí sin do bléitheas gach díghe 's deocha cúmhrá, [mil Gréag (?)], agus beóir lochlannach de chupáin troime [nár teo?]. Do mhúch sí le pógadh é, 's do bháthaidh sí le deora é, 's do thriomuig sí le [na gruaige geal fíor-uaisle é?]
Dhein sí trí treanna dhe'n oidhche - trian ar imirt 's ar ól, trian an cheol agus ar aoibhneas; agus trian ar shuan agus ar síor-choladh go lá. Nuair a bhí sé in am dul a choladh aca, dúbhairt sí le hUbhall dul a choladh anois, ach dúbhairt sé sin ná rachadh sé chun codalta in ao' chor go lá. "Tá tóir ó's ár gcionn anocht", ar seise. "Agus ná tuiteadh aon choladh ort ar do bhás".
Do chuaidh sí sin go dtí an leabaidh, agus d'fhan Ubhall cois na teine 's é tréith.
Siar thar dhruim na h-oidhche do tháinig guth go dtí an doras. Agus dúbhairt: "Scaoil isteach me ó fhuacht agus ó anródh na h-oidhche". D'oscail Ubhall an doras,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dheada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- P. O' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí