Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 065
- XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)árdán den ísleán, ísleán de'n árdán, talamh bog den talamh cruaidh, is talamh cruaidh de'n talamh bog. Thairrigidís toibreacha fíor-uisce aníos tre croidhthibh na gcloch(a) glas(a) le neart catha agus cruadh-chomhraic, ar feadh seacht lá 's seacht n-oidhche, riamh is choidche, go dtáinig an spideóigín Mhuinntir' Súilleabháin agus dúbhairt sí: "A Umhaill Airm-Nirt (airmnerch?) a Rígh Ghréag, is fada bheadh na caoínte ort dá síntí annso thú; ná cuimhneófá ar lúth do chos, 's ar neart do lámh, 's é threascairt 's an ceann do bhaint de". Ní túisce 's bhí an méid sin ráidhte ag an Spideóigín, ná (ná-[?])bhuail Ubhall buille ar an bhfathach, agus bhí sé chun an ceann do bhaint de, nuair a lea[dh?]bhair sé [an fathach?]; agus dúbhairt sé[?]: "A Ubhaill Airm-Nirt a Rígh Gréag, ná bain an ceann díom, agus tabharfaidh mé dhuit an capall cluas dearg-donn gléineach [an Gleanna Duibh Méigleach?]. 'na theannta san, tábharfaidh mé mo shlaitín draoideachta dhuit agus trí fiacla t-athar. Tá an capall cluas dearg-donn gléineach insan stábla atá ar an dtaob thiar-thuaidh de'n dtig. Tá an slaitín draoidheachta ó's cionn an dhoruis aoird atá ar mo sheómra féin, agus tá trí fiacla t-athar istig [?]dtaiscán am sheómra féin ag baile",(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dheada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- P. O' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí