School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus tháinig fear isteach.
Shuidh sé arís ar an gcathaoir cois na teine agus ar deire thuit a choladh air.
D'imig an fear go dtí an seomra mar a raibh an bainríoghan óg. "A bhainrioghan óg" ar seisean, "tá an méirleach-san ó'n nGréig 'na choladh". "Slán beo an scéalaide!" adúbhairt sí. D'eirig sí 'na suidhe agus rug sí ar dhá chois air, agus dhein sé a cheann a smiotadh ar an bhfalla agus mhairbh sí é.
Annsan do chuaidh sí a'triall ar Ubhall agus dhúirig sí é. "Téir a choladh anois", ar seise, "agus ní baoghal duit éinne anocht arís". Do thresbháin sí an fear marbh do. "Tháinig sé sin", ar sise, "chan mise do bhreith leis, agus dá n-eireóchadh leis, ní fheicfá-sa arís go deo mé".
D'eirigheadar ar maidin agus do thógadar leo an capall agus an Slaicín Draoidheachta agus chuir sé trí fiacla a athar 'na phóca. Do thangadar go dtí Gleann Dubh na Méighleach. Do bhí a bheirt driothár annsan ar an dtaobh thiar de'n Ghleann ag fanacht leis. Do scaoil sé anonn sa bhád an bainríoghan. Chómh luath is fuair na(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry