Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh an driotháir óg isteach annsan, ach má chuaidh, thug sé aon sáthadh amháin di, do chuir thar gleann anonn í.
    Do bhí ceann gach aon ainmhidhe uathbhásach fé'n ngréin annsan roimis, agus iad a méighlig, ach níor chuir sé aon spéis ionnta ach imtheacht an bóthar do féin, nó go dtáinig sé an Domhan Toir.
    Bhí cúirt annsan roimis agus í ag gluaiseacht mór-dtuathall. Dúbhairt sé leis an bpórtéir an chúirt do chur 'na stad. Chuidh an Pórtéir isteach 's dúbhairt sé leis an mBanrioghan go raibh Ubhall an Airm-Nirt Rig Gréag amuich, 's an chúirt do chur na stad. "Abair leis", ar sise, "má's é Ubjall an Ainm-Nirt Ríog Gréag é, nách feárr leis an chúirt 'ná stad ná stad ná í bheith 'na lán-ruith; agus teacht isteach 'n Grianán Chúgam-sa". Bhí sí anáirde ar an nGrianán ag feuchaint anuas air; do dhruid sé amach ó'n gcúirt 's thug fascadh reatha, 's léim sé as a chorp. 'S chuaidh isteach an Grianán den bhaoith-léim sin. Chuir sí fáilte roimis. "Is maith an t-am gur tháinighís", ar sise. "Tá an fathach mór imithe a fiadhach 'sa fionna-choscairt, agus ní bheidh sé ag baile go ceann seachtmhaine, 's imeóchaimíd
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dheada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    P. O' Mórdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí