School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an driotháir óg isteach annsan, ach má chuaidh, thug sé aon sáthadh amháin di, do chuir thar gleann anonn í.
Do bhí ceann gach aon ainmhidhe uathbhásach fé'n ngréin annsan roimis, agus iad a méighlig, ach níor chuir sé aon spéis ionnta ach imtheacht an bóthar do féin, nó go dtáinig sé an Domhan Toir.
Bhí cúirt annsan roimis agus í ag gluaiseacht mór-dtuathall. Dúbhairt sé leis an bpórtéir an chúirt do chur 'na stad. Chuidh an Pórtéir isteach 's dúbhairt sé leis an mBanrioghan go raibh Ubhall an Airm-Nirt Rig Gréag amuich, 's an chúirt do chur na stad. "Abair leis", ar sise, "má's é Ubjall an Ainm-Nirt Ríog Gréag é, nách feárr leis an chúirt 'ná stad ná stad ná í bheith 'na lán-ruith; agus teacht isteach 'n Grianán Chúgam-sa". Bhí sí anáirde ar an nGrianán ag feuchaint anuas air; do dhruid sé amach ó'n gcúirt 's thug fascadh reatha, 's léim sé as a chorp. 'S chuaidh isteach an Grianán den bhaoith-léim sin. Chuir sí fáilte roimis. "Is maith an t-am gur tháinighís", ar sise. "Tá an fathach mór imithe a fiadhach 'sa fionna-choscairt, agus ní bheidh sé ag baile go ceann seachtmhaine, 's imeóchaimíd(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry