Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do chuaidh sí 'an leabhaidh leis an Mac óg, agus dúbhairt sí leis gur bé an Fathach Mór ó'n domhan thoir do chuir annsan í.
    Dúbhairt sí gur rugh sé a driofúr leis ar dtúis le láimh láidir, ach gur chuir sí féin mar bhreith air gan í phósadh nó go dtiocfadh Ubhall an Airm-Nirt an tríomhadh chun í bhaint de.
    Dúbhairt sí annsan leis ná raghadh a dhriotháracha thairis sin - mar gur bheirt mheathta iad; gur leis an gCoisteóir an driotháir críona; 's gur leis an buitléir an tarna driotháir; ná raibh éinne ag a athair is a mháthair ach é féin.
    "Ar maidin" ar sise, "nuair a bheidh sibh ag imtheacht, ní raghaidh siad san thar gleann na Méighleach, is nuair a raghair-se anonn thairis beidh ceann gach aon ainmhidhe fé'n spéir ag méighlig go h-uathbhásach, ach ná cuir-se aon nath ionuta, mar, dá gcuirfthea, bheadh do cheann féin aca chómh maith.
    D'imígheadar ar maidin, 's thángadar an gleann. Bhí bád annsan rómpa, is chuaidh an mac críona isteach sa bhád, ach chómh luath is bhí sé istig, do liúig sé 's do bhéic sé é thabhairt amach. Chuaidh an tarna driotháir isteach, ach níor bhfada istig é sin leis, nuair chrom sé ar lógóireacht - é thabhairt amach aisti.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dheada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    P. O' Mórdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí