Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 151
- XML “An Rí agus A Dháréag Iníon”
- XML “An Rí agus A Thriúr Mhac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seadh arsa an rígh leis an saighdiúir cad é anb scéul atá agat-sa tar-éis na h-oidhche. D'innis an saighdiúir don rí gach rud fé mar thuit sé amach agus bhí billeóga óir ar an nghéug a thug sé leis. Nuair a chonnaic an righ an ghéug do chreid sé an saighdiúir. Sead ar seiseann ciaca de na mná seo a bheidh agat. An cailín is óige arsan an saighdiúir. Nuair a chualadh an cuid eile é sin do bhíodar ar buile. Caith an saighdiúir a róga d'fághail agus do phósad iad. Do bhí sé 'na rí as san amach agus rí maith do b'eadh é agus bhí gach éinne buidheach de go dtí go bhfuair sé bás.
- Do bhí rí in Éirinn fadó agus bhí triúr mac aige. Do bhí pálas ana bhreágh aige. Do bhí ubhallgort aige leis. Do bhí crann san ubhallgort(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí