Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)

Suíomh:
An Luachair, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luachair
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “In Áit dár Ghabhas féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I
    In - áit dár gabhas féinig go deidheanach aréir
    Do casadh orm spéir bhean is í a reidhteac a cinn
    Caise bhoga braonaca le n-a caoimh leachain síos
    A dá bháis aici dá plaosgadh sí ag géar gol 's ag caoí
    II
    'S cad do thug an tráth so san áit seo tú it aonar
    A chailín na gcnocán cúl chrothánach péarlach
    An é t-athair nó do mháthair nó do leanán fhir chéile
    Do cuaidh ar neamh áird uait go bhfuil an t-ochlán go léir ort
    III
    D'freagair sí dar n doig's mé bean modhmarach na gceab
    Ní gaolta na comgas do leonuigh mo chliabh
    Ní capall ná bólacht ná mór stoc ar shliabh
    Ach grádh mo croidhe dá sheoladh ar bórd luinge sior
    IV
    Is má d'imthig ar fan uait do bhan cuis dar n-dhóigh
    Ná fhillfidh aon tráth ort thar saile go deó.
    Cuirfhead síodaí is seál ort is tú d'ardú cuncheóil
    Ag gluaiseacht go bráth liom a ghrádh ghil 's stór
    V
    Dá dtabharfá dho féinig fíon caorach is beóir
    As banrioghan a dhéanamh díom fein ar an gcoróin
    Ní ghluaiseóchainn-se féinig le h-aon fhear go deóidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Fhinn
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Grífín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Seoladh
    An Luachair, Co. Chiarraí