Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 134
- XML “In Áit dár Ghabhas féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go bh'feicead mo chead searc a teacht marbh nó beó.
VI
Is mairnéalach luinghe mé a siubhalaig a lán
Is deir síad gur stracaire mé a mheallann na mná
Tá coróin geal im' phóca is go léir dóibh le faghail
Tá'n crúiscín ar an mbórd's is cóir de a bheith lan.
VII
Nách aoibhinn 's is nách aerac do'n t-é bhíonn ag ól.
Nílpeaca sa t-saoghal air ná aon nídh da dhórt
Dá gcastaí ort speir bhean is go dtabharfá dí póg
Goidé sin do'n te sin na baineann san leó.
Viii
Nách aoibhinn do's na h-einíní a d'eirigheann go h-ard
Bíd ag ceileamhaint ar aon craobh amháin
Ní mar sin liom féin is dom cead míle grádh
Cómh fada ó'n a cheile is tá'n réice ó'n mban.
IX
A Mhaighdean bhreágh stuamdha na gruaige bhréagh buidhe
Tar annseo anuas cúghain i gcomhgar na díghe
Mar do thóg-fá sa an ceó sa 'san brón suas de'm ' chroidh
Mar d'eireóchadh an locáin de'n gcoirce le gaoith.
X
'S a ógánaig uasal cár codlaís aréir
Codlas ar mo leabaidh is cár codlais féin
Nuair a luighim-se ar mo leabaidh ní chodlainn néa [?]
'S gurb iad do bhréithre mine blasta d'fhúig an t-osna so im' taoi [?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Fhinn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Grífín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí