Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí rí ann fadó agus bhí dáréag inghin aige. Bhí a chroidhe craidhte aca a d'iarraidh bróga a coimead ortha. Peidhre nua gac aon tráthnóna do gach éinne aca agus ní beadh luid ar a gcos gach mhaidean. Chuir sé amac fógraí ar fuaid na h-áite á rád aon fhear a bheadh ábalta d'innsin dó ar maidin cá mbhíod na cailíní gach oidhche go dtabharfadh a rogha de's na mná dhó agus a rígheacht 'na dhiaid, mar ní raibh aon mhac aige agus is mo amadán a caill a ceann mae geal ortha. Táinig seana saigdiúr go dtí an áit. Do chuaidh sé isteach i dtig ósta agus d'fhan sé ann gur caith sé an pingin deirnac. Níl aon gnó annso agat" arsa bean an tighe ósta leis ós rud é nách bhfuil airgid agat. "Nfheadar" ar seiseann "cad a dhéanfad anois. Ínneósfad cad a d'einfair" ar sise "téigir ag féireact ar inghean an rígh." Bhféidir go gcaillfinn mo cheann" ar seiseann. "Ní caillfir mar cabhróchadsa leat" ar sise. Tá aprún annso agam-sa agus tabhairfaid mé duit é, agus cuirfidh sé fé draoidheacht thú
Nuair a raghair isteach ins an seomra ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí