Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aca súid. Beidh siad siad cómh muinteardha leat gur dóigh leat go bhfuuil ana chion aca ort. Tabhairfaidh an duine seo deoch milis annsan duit cun é ól. Sgaoil gach braon de isteach i bpóca atá san aprún agus ná leig aon bhraon de isteach id' bholg. Leig ort annsan go bhfulir id'chnap codhlata. Thiocfaidh duine dhíbh annsan le coinneal a bheidh ag lasadh agus dógfaidh sí nác mór a súile asar feucaint an bhfuilir na codhladh ach ná chorruig. Bheidh siad sasta annsan. D'imthigh sé leis go dtí pálás an ríogh. Do thuit gach rud amach fé mar dubhairt an bhean leis. Do thugadar deoc dó agus annsan do fhuaireadar coinnel agus do dhóigheadar na súile as nách mór ach níor chorruig sé. D'osghaileadh poll dóibh i láir an t-seómra. D'imthig an cailín ba shine dhíobh síos an dtúis agus mar sin dóibh go dtí gur cuaidh an ceann a b'óige síobh síos ar deire.
Thógh an saighdiúir an aprún de agus chas sé timcheall a chinn é agus ní raibh aon radharc ag na mná air as san amac. Do lean sé síos iad agus níor bhraitheadar é. Do bhí rígh eile fé talamh agus bhí dhá - réag mac aige. Do bhiodar tarraicte suas ar bun staighre a bhí na mná tar-éis teact as. Do chuaidh an bean ba shine suas leis an bhfearr ba shine agus mar sin dóibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí