Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 152
- XML “An Rí agus A Thriúr Mhac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'fhásadh ubhala óir air. Do thogadh rudaí gach aon bhlian agus do ghoideadh siad iad. Dubhairt an rí le na trúir mhac gur suarach ar rud dóibh leigint do na bhítheamnaigh na ubhalla do goid gach aon blian. Dubhairt an mac ba sine 'ná imtheóchaidís arís mar go raghadh sé féin ar an gcrann láithreac agus go mbeiread sé ar na mbitheamhnaig. Amach leis agus chuaidh sé ar an gcrann. Ní raibh nuair d'iompuig an oidhche cun stoirm agus sneachta agus fearthainn agus ní raibh sé ábalta ar a súile d'osgailt. Léan ortha ar seiseann ní cuirfidh mé féin cun bás leó. Ar an nóimeat san do thainig sé anuas de'n gcrann agus abhaile leis.
Chuaidh cuid mór de na h-ubhla an oidhche sin agus bhí an rí ar buile. An oidhche 'na dhiaidh san dubhairt an dara mhac go raghadh sé féin ar an gcrann agus ná tiocfadh sé anuas. Chuaidh sé ar an gcrann. Ní raibh sé in -áirde nuair a shéid an oidhche dha uair níos measa ná an oidhche sin. Tháinig sé anuas de'n gcrann agus d'imthig a lán de's na h-abhal an oidhche sin. An oidhche 'na dhiaidh sin dubhairt an mach a b'óige go raghadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí