Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 688
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá gcuirfeá scáth fearthainne ó do chionn istigh i dtigh deirtear ná fásfa a thuille.Deirtear gur ceart an clog do stopadh nuair a gheibheann duine bás san tigh.Deirtear ná bíonn aon rath ag iascaire dá dtárlochadh bean ruadh air agus é ag dul fé dhéin na farraige.Deirtear ná fuil sé ceart filleadh thar nais nuair a chuirfeá chun bothair.Má tá leabaidh déanta de' adhmad raice agat deirtear na faghfá bás go mbeidhfeá an-aosta.Deirtear go bhfuil sé adhmharach do dhuine bheadh ag dul ag déamamh cleamhnas dá ndéanfaoí sean-bhróg a chaitheamh na dhiaidh.Deirtear nach ceart do bhróga a chur suas ar an mbord mar bheithfá ag troid le duine éigin. Comhartha bruighne do bhróga do chur ar an mbórd.Deirtear go mbeidh seacht bliadhna de mhí-ádh agat dá mbrisfeá scáthan.Deirtear nach ceart luaithreach nú uisge a bheadh faghtha tar-éis do chosa a nigh, do chaitheamh amach san oidhche nú beadh trioblóid éigin agat.Deirtear gur ceart dul amach an doras a tháinís asteach.Nóra Ní Chúrnáin
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann