Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 654
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Thiar cois na trágha iseadh comhnuigheann mo grádh is gile í ná an sneachta ná an t-airgead bán”
Thiar cois na trágha iseadh comhnuigheann mo grádh
Is gile í ná an sneachta ná an t-airgead bán
'Sí an craobh cumhra gan chaim nár chaill riamh a bhláth
'S is deise ag iomparuigheann i gcuimhne sa tráigh.Ní h-é Máire táim-se a' rádh ná aon bhean dá mnáibh
Ach fáin péarla an chúil chraobhaigh atá thréis mo chroidhe crádh
Scriobhann sí go breágh le na caol-pheann ar chlár
Agus seineann port néata ar thaobh an chnuich gan cáim.'Sé cudlaidh de'n ghrádh 'á luachtaint im chás,
Os cionn mo cinn dualaigh insa spéar uachtraigh go h-árd
Mar bhfuaradh mo ghrádh le fuath ceart de'n bhfáidh
Ná fagadh mo chroidhe fuscailt ná fuarthain go bráth.I mairg a bhíonn fé cosaibh ag mnaoi,
Is gan ara ar a dtalamh is measa 'ná í
Ní luigheann ean ar a gcraoibh ná cor caim do croidhe
'Sí dhein a' pheacha is a chuir fearg ar Chríost.Siobhán Ní Churtáin
Fuaires é seo ó
Máire bean Uí Fhlaithaimh 80 bl
Abhainn-a'-Sgáil- Bailitheoir
- Siobháin Ní Churtáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Fhlaithaimh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí