Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall dá chéad bliadhain ó shoin bhí lanamha ina gcomhnuidhe i gClais Mhór, baile na buaille. Bhí aon mhac amháin acu agus bhíodar an-cheanamhail air. Chómh luath is d'fhág sé an cliabhán chuireadar in aice na teine é. D'éirigh sé suas agus niorbh fhada go raibh sé 'na fhear ach ba leasc leis an teine d'fhágaint riamh. Níor chaith sé riamh bróga ná stocaí, agus níor lugha nár nigh sé a aghaidh, a chosa ná a lámha. Bhíodar chómh dubh leis an suth mar sin agus tugadh Gallus na gCos nDubh air.
An-scéalaidhe agus seanchaidhe b'eadh a athair, agus bhailigheadh na buachaillí is na fir isteach sa tigh gach oidhche ag éisteacht leis. Thugadh gach duine acu fód móna leis mar ní raibh mórán sa saoghal ag athair Galluis. Oidhche áirighthe i mí na Márta bhí sé ag cur seaca go dian is bhí sé cómh fuar san gur thug gach duine acu dhá fhóid leis. Ní fhéadfaidís go léir teacht in giorracht na teine, go háirighthe mar bhí Gallus na gCos nDubh ina shuidhe ar an iarta. Thosnuigheadar ag magadh fé agus chromadar ar fóda do chaitheamh leis ach ní chorróchadh sé ó'n áit. Bhí truagh ag a athair do na buachaillí eile mar bhí an oidhche millteach fuar, agus d'iarr sé ar Ghallus druidim siar agus a áit do thabhairt do dhuine acu.
"Tá'n tusa te anois" ar seisean leis, "agus ó'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caladh, Co. Chiarraí