Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhì fear ann uair amháin agus bhí sé ag briseadh cloch ar thaobh an bhóthair. San am céadna chuaidh tighearna na talman an bealach agus an cíos bailighthe aige. Thuit an sparán amach as tobar an cháirr agus thóg fear briste na gcloch suas é agus d'imthigh leis abhaile, agus thug d'á mhnaoi é. Fear amaideach a bhí ann agus bhí sé cabach ina theannta san. Bhí faitchíos ar an mnaoi dá dtagadh duine ar bith ar lorg an airgid go n-innseochadh sé é.
"Caithfidh tú dul ar scoil amáireach" adeir sí leis. "Ní gheobhaidh mé, tá mé ró-shean". "Biodh ciall agat" adeir sí. "B'fhéidir go ndéanfainn dochtúir díot. Is fearr duit é ná briseadh cloch".
D'imthigh leis 'un na scoile lá'r na 'amáireach agus chuir an múinteoir isteach sa rang é. Is gairid a bhí sé annsan gur bhuail ceann de na gasúir leadóg air, agus chuir sé béic as. "Céard sin" arsa'n muinteoir. D'innis an sean-fhear do mar bhí an scéal.
"Ní thárlochaidh san airís" arsa'n muinteoir, ach ní túisce a bhí chúl an mhuinteora iompuighthe leó ná fuair sé leadóg eile agus rith an fear bocht ar fad agus d'fhág sé annsan iad agus chuaidh sé abhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Páidín Ó Meádhra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe