Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 366
- XML “Bás Dhomhnaill Uí Shúilleabháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Driotháir do Cháit Bhean Uí Chonchubhair do b'eadh an Domhnall Ó Suilleabháin sin agus chomhnuigh sé i Min Árd. Do buaileadh breoidthe é, pian 'na cheathramhain abhí aige, agus bhí sé ag éírighe nios bacaighe in aghaidh an lae. Nuair ná raibh aon fheabhas ag teacht air ach é ag dul in olcas, sa deire chuir sé fios afhear feasa abhí 'na chomhnuighe i Muirbheach, taobh thiar de'n Daingean. Do thug seisean buideál dó ach dubhairt sé leis ar a chluais gan leigint do'n bhuideál cimilt nó teangmháil leis an urlár.Bhí sé ag baint úsáid as an mbuideál agus bhí feabhas beag ag teacht air. Bhí driofúir leis sa tigh agus pé útamáil abhí aice sin leis an mbuidéal lá léig sí do teangmháil leis an úrlár. Bhí Domhnall bocht ibhfad nios measa an lá 'na dhiaidh si, chuaidh sé in olcas gach lá as san amach go dtí gur éag sé.An lá a fuair sé bás bhí Domhnall Slatarra ag siubhal ar an mbóthar inaice le Garrdha na dTor agus cé bhuail leis ach Domhnall Ó Súilleabháín. Nuair d'innis sé an scéal do Cháit d'fhiafruigh sí dhe an raibh sé 'na bhacach agus dubhairt Domhnall ná raibh. Díreach ag an am a shéaltuigh sé chonnaic Slatarra é, agus é cómh maith is bhí riamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí