School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 367

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 367

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 367
  3. XML “Bás Dhomhnaill Uí Shúilleabháin”
  4. XML “An Fochupán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seo mar ad thárla gur buaileadh breoidhte ar dtúis é. Oidhche amháin chuaidh sé amach ag cabhrú le iascairí éigin i Mín Árd agus bhí sé ag tarraint ar an meadhon oidhche nuair a thug sé an bhóthar abhaile air féin. Nuair do shroich sé an gort ba ghiorra dá thigh féin chonnaic sé go raibh sé lán lán de dhaoine. Shiubhail sé tríotha chómh maith is d'fhéad sé, ach mhothuigh sé mar bheadh rud éigin á bhualadh ar an gcorrán, agus tháinigh bean áluinn agus éadaighe bána uirthe is labhair sí leis. Dubhairt sí go dtionnlóchadh sí abhaile é, agus dubhairt sí leis aire do thabhairt dó féín. Bhí sé déanach annsan mar bhí sé tréís an buille d'fhagháilt.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Fo-chupán.
    Bhí muirear ina cómhnuidhe fé'n dtuaith inaice le Lios Póil. Oidhche amháin chuadar go léir a codladh gan aon uisce d'fhágaint istigh, ach amháin uisce a bhí i gcorcán in aice na teine. Bhí sé ann ó beirbhigheadh na prátaí ann am éigin i rith an lae.
    Bhí triúr buachaillí 'na gcodladh sa chistin insan setiol agus i lár na h-oidhche b'éigean do dhuine acu éirighe mar mhothuigh sé é féin breoidhte. Thosnuigh sé ag úrlacan , agus is isteach san uisce --uisce na bprátaí-- a chuir sé ar chaith sé amach. Annsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí