School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dligheadóir ann uair amháin ach ní raibh sé ag fagháil faice le déanamh. Lá amháin rinne sé hata mór agus chuir sé cleiteacha ann agus annsin chuaidh se amach agus piostol aige. San am gcéadna bhí fear saidhbhir ag gabhail an bóthar agus shiubhail an t-aturnae suas go dtí é agus chuir sé an piostol ar aghaidh a shúl.
"Cuir díot" ar seisean.
Sháith an duine uasal a lámh ina phócha agus bhí sé ag amharc ar an aturnae san am gcéadna.
"Dearc go maith orm" arsa'n t-aturnae, "b'fhéidir go bhfeicfeadh sé thú go fóil".
Annsan d'imthigh an t-aturnae agus an t-airgead leis agus chaith se an hata in aice le teach feilméara a bhí tamall uaidh. Tháinigh mac an fheilméara amach i gcionn tamaill agus fuair se an hata agus chuir sé ar a cheann é. San am gcéadna tháinigh na gardaí thart agus ghabhadar mac an fheilméara.
D'fhan mar sin go dtí lá na cúirte agus tháinigh an t-aturnae seo agus dubhairt le mac an fheilméara go ndéanfadh sé a chás a phléidhe.
"Tá go maith", arsa mac an fheilméara, "tiubhradh(continues on next page)- Informant
- Páidín Ó Meádhra
- Gender
- Male
- Age
- Over 60
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Ros Muc, Co. Galway