School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall leathchead bliadhain o shoin do thuit an rud seo amach. Ní raibh Seán Ua Conchubhair , fear céile na mná d'innis an scéal, is a innseann fós é, ar fóghnamh agus chuaidh sé go dtí scrín na Maigdne Muire i Knock. San am sin bhí air an turus do dheanamh i gceáirr de shaghas éigin agus bhí sé cúig nó sé de laethannta.
Tháinigh an oidhche na fhuar ar fad agus ní raibh coinne ag an mnaoi leis nuair ná raibh sé tagaithe ag a dó dhéag meadhon-oidhche agus chuaidh sí a codladh. Ní raibh sí ibhfad ina codladh nuair do dúisigheadh í go h-obann. Bhraith sí an lámh á cimilt ar a h-éadan, chuir sí suas a lámh féin, rug sí ar an láimh eile agus d'fháisc an dá láimh ar a chéile . Bhí an lámh fuar, cómh fuar le marbhán , agus ghidh gur bhraith sí í cheap sí ná raibh aon substaint innte. Tréis nóimeit nó mar sin bhí sí imthighthe agus d'éirigh an bhean.
Chuala sí cnag ar an doras, d'oscail sí é agus cé bhí ann ach a fear céile tréis teacht abhaile. Creideann sí gurbh' amhlaidh a tháinigh duine éigin de na daoine maithe le cur in iúl di go raibh an fear ag an doras.- Informant
- Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry