School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 364

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 364

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 364
  3. XML “Bean Mhic Ghearrailt - Bean an Ghearraltaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear óg de mhuintir Ghearraltaigh ina chómhnuidhe in Eaglais, Lios Póil. Nuair a tháinig an t-am chuige do phós sé, ach nior mhair an bhean ibhfad. Badh ó Bhaile Dubh i bParóiste Caisleán an Ghriagaire í sin, agus nós iseadh é nuair a gheibheann bean óg mar sin bás gan í do chur i n-uaigh a fir céile ach í thabhairt tar n-ais go dtí a muintir féin chun í chur.
    Do chuir an Gearraltach a bhean chéile san uaigh le n-a mhuintir féin agus bhí scata mór de Ghearraltaigh is de Shúilleabhánaigh is de cháirde eile Cháit bean Uí Chonchubhair, An Meall, ag an socraid. Bhí an lá is an tráthnóna fiadhain agus stoirmeach agus tréis na socraide in ionad dul abhaile bhailigheadar isteach i dtigh an Chonchubharaigh sa Mheall, agus d'fhanadar ann go dtí timcheall meadhon oidhche nuair a bhí maolú tagaithe ar an stoirm. Niorbh fhada ar an mbóthar dóibh nuair a chonnacadar chúchu scata mór daoine iad ag gluaiseacht go mall. Ar theacht i ngiorracht dóibh thugadar fé ndeara go raibh comhra ar a nguailnibh ag ceathrar acu, agus nuair a bhíodar ag gabhailt thártsa amach d'aithnigheadar mórán dhá sinsear féin a bhí caillte le bliadhnta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry