School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 363

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 363

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 363
  3. XML “An Fear Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ina cómhnuidhe i Sráid Eoin, tamall gearr ó'n lios ar a dtugtar Collier's Fort. Bean Uí Niallagáin b'ainm di. Bí beirt inghean aice agus triúr mac. Lá amháin tháínig fear, stróínséir go dtí an doras cuíche. Bhí culaith éadaigh dubh air. Do labhair sé léi.
    "A bhean chóír," ar seisean, "ní éireochaidh leat coidhche do chlann do thabhairt suas anso."
    Annsan d'imthigh sé leis féin agus tamall ina dhiaidh sin d'éirigh Máire, an inghean ba shine abhí aice breoidhte, agus niorbh fhada eile go bhfuair sí bás. Igcionn bliadna nó mar sin chuaidh an cailín eile Siobhán amach lá, agus nuair abhí sí sa ghort inaice leis an lios so shleamhnuigh cos léi, thuit sí is ghortuigh sí a glúin. Nuair do tháínig sí abhaile chonnaic a máthair go raibh rian cruidh capaill ar an nglúin.
    B'éigean di an leabaidh do thabhairt uirthe féin ach ní ag dul ibhfeabhas abhí sí ach ag dul in olcas in aghaidh an lae. Bhí sí cómh foirbhthe sin go raibh an mháthair cinnte nábh í féín a bhí ann in aon chor ach iarlais éigin. Sa deire fuair sí sin leis. Ach mhair na buachaillí. Tá duine acu beo fós ach tá sé ait beagáínín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry