Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “An Dlíodóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí dligheadóir ann uair amháin ach ní raibh sé ag fagháil faice le déanamh. Lá amháin rinne sé hata mór agus chuir sé cleiteacha ann agus annsin chuaidh se amach agus piostol aige. San am gcéadna bhí fear saidhbhir ag gabhail an bóthar agus shiubhail an t-aturnae suas go dtí é agus chuir sé an piostol ar aghaidh a shúl.
    "Cuir díot" ar seisean.
    Sháith an duine uasal a lámh ina phócha agus bhí sé ag amharc ar an aturnae san am gcéadna.
    "Dearc go maith orm" arsa'n t-aturnae, "b'fhéidir go bhfeicfeadh sé thú go fóil".
    Annsan d'imthigh an t-aturnae agus an t-airgead leis agus chaith se an hata in aice le teach feilméara a bhí tamall uaidh. Tháinigh mac an fheilméara amach i gcionn tamaill agus fuair se an hata agus chuir sé ar a cheann é. San am gcéadna tháinigh na gardaí thart agus ghabhadar mac an fheilméara.
    D'fhan mar sin go dtí lá na cúirte agus tháinigh an t-aturnae seo agus dubhairt le mac an fheilméara go ndéanfadh sé a chás a phléidhe.
    "Tá go maith", arsa mac an fheilméara, "tiubhradh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Páidín Ó Meádhra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 60
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ros Muc, Co. na Gaillimhe