School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 366
  3. XML “Bás Dhomhnaill Uí Shúilleabháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Driotháir do Cháit Bhean Uí Chonchubhair do b'eadh an Domhnall Ó Suilleabháin sin agus chomhnuigh sé i Min Árd. Do buaileadh breoidthe é, pian 'na cheathramhain abhí aige, agus bhí sé ag éírighe nios bacaighe in aghaidh an lae. Nuair ná raibh aon fheabhas ag teacht air ach é ag dul in olcas, sa deire chuir sé fios afhear feasa abhí 'na chomhnuighe i Muirbheach, taobh thiar de'n Daingean. Do thug seisean buideál dó ach dubhairt sé leis ar a chluais gan leigint do'n bhuideál cimilt nó teangmháil leis an urlár.
    Bhí sé ag baint úsáid as an mbuideál agus bhí feabhas beag ag teacht air. Bhí driofúir leis sa tigh agus pé útamáil abhí aice sin leis an mbuidéal lá léig sí do teangmháil leis an úrlár. Bhí Domhnall bocht ibhfad nios measa an lá 'na dhiaidh si, chuaidh sé in olcas gach lá as san amach go dtí gur éag sé.
    An lá a fuair sé bás bhí Domhnall Slatarra ag siubhal ar an mbóthar inaice le Garrdha na dTor agus cé bhuail leis ach Domhnall Ó Súilleabháín. Nuair d'innis sé an scéal do Cháit d'fhiafruigh sí dhe an raibh sé 'na bhacach agus dubhairt Domhnall ná raibh. Díreach ag an am a shéaltuigh sé chonnaic Slatarra é, agus é cómh maith is bhí riamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Sr. Eibhlín Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry