School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 377

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 377

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 377
  3. XML “Gallus na gCos nDubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall dá chéad bliadhain ó shoin bhí lanamha ina gcomhnuidhe i gClais Mhór, baile na buaille. Bhí aon mhac amháin acu agus bhíodar an-cheanamhail air. Chómh luath is d'fhág sé an cliabhán chuireadar in aice na teine é. D'éirigh sé suas agus niorbh fhada go raibh sé 'na fhear ach ba leasc leis an teine d'fhágaint riamh. Níor chaith sé riamh bróga ná stocaí, agus níor lugha nár nigh sé a aghaidh, a chosa ná a lámha. Bhíodar chómh dubh leis an suth mar sin agus tugadh Gallus na gCos nDubh air.
    An-scéalaidhe agus seanchaidhe b'eadh a athair, agus bhailigheadh na buachaillí is na fir isteach sa tigh gach oidhche ag éisteacht leis. Thugadh gach duine acu fód móna leis mar ní raibh mórán sa saoghal ag athair Galluis. Oidhche áirighthe i mí na Márta bhí sé ag cur seaca go dian is bhí sé cómh fuar san gur thug gach duine acu dhá fhóid leis. Ní fhéadfaidís go léir teacht in giorracht na teine, go háirighthe mar bhí Gallus na gCos nDubh ina shuidhe ar an iarta. Thosnuigheadar ag magadh fé agus chromadar ar fóda do chaitheamh leis ach ní chorróchadh sé ó'n áit. Bhí truagh ag a athair do na buachaillí eile mar bhí an oidhche millteach fuar, agus d'iarr sé ar Ghallus druidim siar agus a áit do thabhairt do dhuine acu.
    "Tá'n tusa te anois" ar seisean leis, "agus ó'n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    62
    Occupation
    Iascaire
    Address
    Portmagee, Co. Kerry