Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Cormac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Caoineadh Mhuiris Uí Chaoimh”
  4. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dá lasfadh an ghrian i n-Iarthar Éireann
    Dá dtuitfeadh na cnuic anuas ar a chéile
    San áit i n-ar leagadh ár sagart breagh naomhtha
    Ní fé dhéin do mhairbh tháinig t'athair id' fhéachaint
    Ná do dheirbhsiúr ualas bhí go h-uaigneach taobh leat
    Bhí do shúil dá dúnadh is gan súil le faoiseamh
    Ag síneadh suas le suan gan tearmann.
    Ba bhreagh é do sheasamh ar faithche nó ar bhínse
    Nó ag léigheamh an Aifrinn i bpobal Dún Chaoin thiar
    Nó ag fiadhach let chapaill ar bharra na duibche
    Go bhfuarathas tú marbh i mbaile cois taoide.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Amhrán

    Tá gleann ag an múrach ar chúlaibh chnuic Bhréanann

    Amhrán 10/10/'38
    1. Siobhán Ní Shúilleabháin - Féach an caoineadh thuas.
    1.
    Tá gleann ag an múrach ar chúlaibh chnuic Bhréanainn
    Go bhfuil a gcuid éisc ann in-a gclúdaibh faoi chúl leacaibh daora
    Tá siorraigh ann ag súgradh, ba, gamhna is iad ag géimridh
    Fíon agus leann ag siúr na bhfear ngléigeal
    11.
    Tá an ghealach is an ghrian ann, tá Dia ann is a Mháthair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shuilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí